Oireachtas na Samhna – An tOireachtas

Beidh Oireachtas na Samhna ag filleadh ar ais go dtí Óstán an Gleneagle arís i mbliana ó 31 Deireadh Fómhair – 3 Samhain 2018

 

Is é an tOireachtas fós an fhéile náisiúnta is Gaelaí sa tír. Táimid ag súil le pobal na Gaeilge as gach aon chearn aghaidh a thabhairt ar Chill Airne chun sult agus spraoi a bhaint as an réimse leathan imeachtaí a bheidh ar siúl.

 

Daichead a haon (41) comórtas atá ar chlár na bliana seo – fiche haon (21) acu i rannóg na ndaoine óga agus fiche (20) acu i rannóg na ndaoine fásta. Tá réimse leathan seánraí i gceist sa chlár comórtas, iad seo ina measc: amhránaíocht ar an sean-nós, rince aonair ar an sean-nós, agallamh beirte, lúibíní, scéalaíocht, dreas cainte, uirlisí ceoil agus go leor eile.

 

Ná déan dearmad do lóistín a chur in áirithe do fhéile na bliana seo. Tá sonraí teagmhála na n-óstán thíos.

 

Óstán an Gleneagale, Cill Airne
Óstán: +353 (0) 64 401667 1550
Ríomhphost: info@gleneaglehotel.com

Óstán Brehon, Cill Airne
Óstán: +353 (0) 64 663 0700
Ríomhphost: info@thebrehon.com